Soiléir, inchreidte, ceannródaíoch: cumarsáid i ndomhan atá ag athrú
Nuair a labhraíonn bainc cheannais, bíonn tionchar aige ar na margaí airgeadais, ar an ngeilleagar agus ar deireadh thiar ar shaol na ndaoine. Go deimhin, is uirlis den bheartas airgeadaíochta í an chumarsáid féin, toisc go múnlaíonn sí na hionchais faoin ngeilleagar, agus go mbíonn tionchar aici ar na cinntí a dhéanann gnólachtaí, infheisteoirí agus tomhaltóirí. Má bhíonn tuiscint mhaith ar a bhfuil á rá ag BCE, bíonn ár mbeartas níos éifeachtaí agus níos inchreidte. Chomh maith leis sin, neartaítear muinín na ndaoine go ndéanfaimid na cinntí cearta. Is é sin an fáth a gcaithfidh ár gcumarsáid a bheith soiléir, comhsheasmhach agus so-aimsithe. Agus de réir mar a thagann modhanna nua cumarsáide ar an bhfód leis an teicneolaíocht agus de réir mar a athraíonn daoine an chaoi a bhfaigheann siad a gcuid nuachta, ní mór do BCE bogadh leis aimsir. Ní mór do shaineolaithe agus don phobal i gcoitinne an fhaisnéis is gá a bheith acu gan stró i gcónaí chun cinntí eolasacha a dhéanamh. Tá rún daingean ag BCE a chuid cumarsáide a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach ionas go mbeidh a fhios ag daoine cad a dhéanaimid, cén fáth a ndéanaimid é agus cén fáth a bhfuil tábhacht leis dóibh.