Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Gan bheacha, gan dordán: tá tábhacht leis an aeráid agus leis an dúlra


Ní mór don phláinéad a bheith sláintiúil chun go mbeidh an geilleagar sláintiúil. Má scriosaimid an dúlra, scriosfaimid an ghníomhaíocht eacnamaíoch atá ag brath air. Tá dochar á dhéanamh ag an athrú aeráide dár ngeilleagair cheana féin, ag cur isteach ar an méid a tháirgtear agus ar an méid a chosnaíonn rudaí. Ag an am céanna, tá an t-aistriú chuig geilleagar níos glaise faoi lán seoil freisin.

Dá bhrí sin, is cuid dhílis dár n-anailís ar an mbeartas airgeadaíochta é an t-athrú aeráide. Ar na cúiseanna céanna, tá na himpleachtaí eacnamaíocha a bhaineann le díghrádú an dúlra á scrúdú againn.